12. Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.Má shéanaimid é,séanfaidh seisean sinn.
13. Ach má bhímid mídhílis féin,fanfaidh seisean dílis fós,mar nach féidir dó é féin a shéanadh.
14. Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.
15. Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne.
16. Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad
17. agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas,
18. beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t‑aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu.
19. Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
20. Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile.