1. Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.
2. An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.
3. Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.
4. Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d'fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.
5. Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.
6. An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul.
7. Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.
8. Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt.