Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Tiomóid 2:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.

2. An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.

3. Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.

4. Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d'fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.

5. Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.

6. An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul.

7. Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.

8. Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt.

9. Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

10. Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.

11. Is fíor an ráiteas é:Má fuaireamar bás in éineacht leisbeimid beo in éineacht leis chomh maith.

12. Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.Má shéanaimid é,séanfaidh seisean sinn.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Tiomóid 2