Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Tiomóid 1:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanais na beatha atá againn i gCríost Íosa.

2. Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.

3. Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche.

4. Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas.

5. Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.

6. Sin é an fáth a bhfuilim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort.

7. An spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta.

8. Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.

9. Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire

10. ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.

11. Agus táimse ceaptha i mo fhógróir agus i m'aspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin.

12. Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Tiomóid 1