Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Teasalónaigh 3:9-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d'fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.

10. Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.”

11. Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile.

12. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.

13. I dtaca libhse de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh.

14. Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air.

15. Ná tugaigí meas namhad air, áfach, ach é a cheartú mar a cheartófaí deartháir.

16. Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.

17. Beannacht oraibh uaimse Pól faoi mo láimh féin. Sin é an síniú a chuirim ar gach litir de mo chuid; is mar sin a scríobhaim.

18. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Teasalónaigh 3