8. ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d'oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh.
9. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d'fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.
10. Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.”
11. Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile.
12. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.