Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Teasalónaigh 3:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.

2. Agus bígí ag guí chomh maith go saorfar sinne ó dhrochdhaoine mallaithe, mar ní hé gach duine a bhfuil an creideamh acu.

3. Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh.

4. Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh.

5. Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost.

6. Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.

7. Tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne. Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc,

8. ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d'oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh.

9. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d'fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.

10. Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.”

11. Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile.

12. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Teasalónaigh 3