Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Peadar 3:15-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó,

16. agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.

17. Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.

18. Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Peadar 3