Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Peadar 3:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sí seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon á múscailt agam ionaibh le rabhadh

2. go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.

3. Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n‑ainmhianta féin,

4. agus á rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús na cruthaíochta.”

5. Déanann siad dearmad d'aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé;

6. agus tríothu gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce.

7. Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.

8. Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin.

9. Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.

10. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.

11. Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht,

12. agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.

13. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Peadar 3