Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Peadar 2:20-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n‑aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.

21. Óir b'fhearr dóibhsean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh.

22. Tharla dóibh mar a deir an seanfhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Peadar 2