Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Peadar 1:6-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne,

7. agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar.

8. Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n‑aithne ar ár dTiarna Íosa Críost.

9. An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí.

10. Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche.

11. Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh.

12. Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh.

13. Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,

14. mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom.

15. Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis domsa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith.

16. Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.

17. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”

18. Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa.

19. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.

20. Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Peadar 1