1. Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.
2. Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n‑aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.
3. Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;
4. dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n‑ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.