Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Eoin 1:10-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltigí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó.

11. Mar an té a bheannaíonn dósan, tá sé páirteach ina chuid oilc.

12. Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, b'fhearr liom gan a chur ar phár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir.

13. Beannaíonn clann do dheirféar tofa duit.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Eoin 1