Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Eoin 1:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,

2. i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách:

3. beidh grásta agus trócaire agus síocháin i bhfírinne agus i gcarthanacht orainn ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar.

4. Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.

5. Ach anois achainím ar do Shoilse - ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús - go dtugaimis grá dá chéile.

6. Agus is é seo an grá - go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.

7. Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.

8. Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach.

9. Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.

10. Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltigí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó.

11. Mar an té a bheannaíonn dósan, tá sé páirteach ina chuid oilc.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Eoin 1