Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 9:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ach ar eagla nach mbeadh i mo chuid mórtais sa chás seo ach caint dhíomhaoin, táim ag seoladh na mbráithre chugaibh i dtreo go mbeidh sibh ullamh faoi mar a dúirt mé.

4. Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin - tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh?

5. Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.

6. Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.

7. Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.

8. Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise,

9. de réir mar atá scríofa: “Roinn sé go fial ar na boicht, mairfidh a mhaoin go deo.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 9