Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 7:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.

11. Féach an toradh a bhí ar an mbuairt sin a chuir Dia oraibh; cad é mar dhúthracht a chothaigh sí ionaibh, cad é mar fhonn cosanta, cad é mar mhíchéadfa, cad é mar fhaitíos! Cad é mar dhíograis agus mar fhonn cúitimh a spreag sí ionaibh! Chruthaigh sibh go raibh sibh neamhurchóideach sa ghnó seo ar fad.

12. Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach d'fhonn bhur ndílseacht domsa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé.

13. Sin é an fáth a bhfuil sólás orainn. Agus mar bharr ar ár sólás, bhí áthas níos mó fós orainn faoin ngliondar a bhí ar Thíteas toisc gur chuir sibhse go léir a aigne chun suaimhnis.

14. Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libhse ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna.

15. Agus is ag dul i méad atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a d'fháiltigh sibh roimhe.

16. Is cúis áthais domsa go dtig liom bheith lánmhuiníneach asaibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 7