1. Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
2. Go deimhin fad a bhímid anseo, bímid ag tnúth go hosnaíoch lenár n‑áitreabh ar neamh a chur umainn mar bhrat,
3. agus nuair a bheidh sé sin curtha umainn ní bheimid nocht.
4. Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha.
5. Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis.
6. Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna.
7. Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é.
8. Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb'fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna.
9. Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d'aidhm againn ach é a shásamh.
10. Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.