Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 4:15-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Is ar mhaithe libhse é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé.

16. Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá.

17. An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.

18. Ní ar na nithe infheicthe atá ár n‑aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 4