Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 4:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.

2. Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.

3. Má tá ár ndea-scéal folaithe ar dhuine ar bith, is orthu siúd atá ar bhealach a millte atá sé folaithe,

4. is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.

5. Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.

6. An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.

7. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.

8. Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas;

9. bítear dár ngéarleanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 4