Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 3:9-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Má bhí niamhracht ag gabháil le córas ár ndaortha, nach móide go mór go mbeadh niamhracht ag gabháil le córas ár bhfíréanaithe?

10. Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth.

11. Má bhí niamhracht ag gabháil le córas a bhí sealadach nach niamhraí go mór a bheidh an córas atá buan?

12. Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn.

13. Ní ionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamhbhuan úd ag tréigean.

14. Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna á léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil.

15. Sea, go dtí an lá inniu féin bíonn púicín anuas ar a n‑aigne nuair a bhíonn Maois á léamh dóibh,

16. ach “nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.”

17. Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann.

18. Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 3