Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 3:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile.

3. Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.

4. Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost.

5. Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas

6. mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.

7. An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,

8. nach mó go mór an niamhracht a bheidh leis an gcóras spioradálta?

9. Má bhí niamhracht ag gabháil le córas ár ndaortha, nach móide go mór go mbeadh niamhracht ag gabháil le córas ár bhfíréanaithe?

10. Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth.

11. Má bhí niamhracht ag gabháil le córas a bhí sealadach nach niamhraí go mór a bheidh an córas atá buan?

12. Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn.

13. Ní ionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamhbhuan úd ag tréigean.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 3