Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 3:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh?

2. Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile.

3. Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.

4. Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost.

5. Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas

6. mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.

7. An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 3