Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bheartaigh mé i m'aigne, dá réir sin, gan cuairt bhrónach eile a thabhairt oraibh.

2. Mar má chuirimse brón oraibh cé atá ann chun áthas a chur orm ach an duine céanna ar chuir mé brón air?

3. Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.

4. Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d'fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d'fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.

Maithiúnas don Pheacach

5. Má bhí aon duine ina ábhar buartha, ní ormsa amháin a ghoill sé ach oraibhse go léir a bheag nó a mhór, chun gan luí róthrom air mar scéal.

6. Ní beag dá leithéid, áfach, an pionós seo a ghearr an tromlach air.

7. Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón.

8. Táim á iarraidh d'achainí oraibh dá bhrí sin bhur ngrá a chruthú dó.

9. Mar is chuige seo a scríobh mé chugaibh, chun sibh a thriail, féachaint an mbeadh sibh umhal i ngach ní.

10. An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost

11. ar eagla go bhfaigheadh Sátan buntáiste oraibh - agus is maith is eol dúinn a chleasa siúd.

Buaireamh agus Sólás

12. Ar dhul dom go Tróas ag fógairt dea-scéal Chríost, cé go raibh doras ar leathadh ag an Tiarna romham,

13. mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.

14. A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann.

15. Mar is cuma sinne nó cumhracht Chríost ag dul suas chun Dé i measc na ndaoine atá ar bhealach a slánaithe agus i measc na ndaoine atá ar bhealach a millte chomh maith;

16. do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?

17. Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.