1. Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d'fhinnéithe.”
2. Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís -
3. ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libhse ach é go cumasach in bhur measc.
4. Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
5. Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh - rud atá mura bhfuil cliste oraibh?
6. Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne.