Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 10:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. “Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”

11. Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.

12. Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.

13. Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libhse.

14. Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh.

15. Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin,

16. agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó.

17. “An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,”

18. mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 10