Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 10:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.

2. Táim a iarraidh oraibh gan a thabhairt orm bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid.

3. Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath.

4. Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí

5. agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost.

6. Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibhse faoi réir go hiomlán.

7. Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis.

8. Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis - údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan - ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.

9. Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt.

10. “Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”

11. Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.

12. Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.

13. Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libhse.

14. Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh.

15. Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin,

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 10