Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Corantaigh 1:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh

16. is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibhse mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia.

17. An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir meon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn “sea” ina “ní hea” agam?

18. Dar Dia dílis ní raibh aon “sea” agus “ní hea” inár dteachtaireacht chugaibhse.

19. Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”

20. mar is é an “sea” scoir é ar a bhfuil geallta ag Dia., Sin é an fáth freisin gur trídsean a deirimid ár “nAmen” chun glóire Dé.

21. Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibhse araon i gCríost; is é a d'ung sinn

22. agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí.

23. Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.

24. Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Corantaigh 1