Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 6:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.

8. Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.

9. Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.

10. Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.

11. Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.

12. Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.

13. I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,

14. an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost.

15. Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin:An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí,atá ina rí ar na rítheagus ina thiarna ar na tiarnaí;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 6