Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 6:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.

12. Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.

13. I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,

14. an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost.

15. Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin:An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí,atá ina rí ar na rítheagus ina thiarna ar na tiarnaí;

16. an tAon atá buan gan bás,agus a chónaíonn sa solas doshroichte.Aon duine riamh ní fhaca éná ní féidir dó é a fheiceáil.Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.

17. Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.

18. Abair leo an mhaith a dhéanamh, bheith saibhir i ndea-oibreacha, bheith fial flaithiúil lena gcuid

19. agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre.

20. A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadh i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhíomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm,

21. mar tá daoine á chraobhscaoileadh agus tá siad claonta ón gcreideamh. Grásta go raibh agaibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 6