Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 6:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n‑aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc.

2. Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar.Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt.

3. Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta,

4. is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras

5. agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.

6. Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.

7. Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.

8. Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.

9. Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 6