Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 5:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d'athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha.

2. Bí le seanmhná mar bheifeá le do mháthair agus le mná óga mar bheifeá le do dheirfiúracha, go geanmnaí i gcónaí.

3. Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.

4. Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.

5. An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d'oíche.

6. Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.

7. Tabhair an foláireamh seo don phobal d'fhonn nach mbeadh locht le fáil orthu:

8. an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.

9. Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin

10. agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.

11. Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu

12. agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 5