Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 4:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de.

6. Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.

7. Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt.

8. Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.

9. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin.

10. Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.

11. Lean ort ag fógairt agus ag teagasc na nithe sin.

12. Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.

13. Tabhair aire don léitheoireacht phoiblí, don tseanmóireacht agus don teagasc go dtí go dtiocfaidh mé.

14. Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat, an tíolacadh a bronnadh ort nuair a labhair na fáithe leat agus nuair a leag na seanóirí a lámha ort.

15. Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun go mba léir do chách an dul chun cinn atá á dhéanamh agat.

16. Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábháilfidh tú thú féin agus do lucht éisteachta.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 4