Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 4:5-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de.

6. Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.

7. Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt.

8. Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.

9. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin.

10. Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 4