Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 4:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.

2. Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.

3. Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.

4. Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch

5. mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de.

6. Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.

7. Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt.

8. Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 4