Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 3:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu

9. ach iad ag caomhnadh rúndiamhair an chreidimh le coinsias glan.

10. Ní mór iad a thástáil ar dtús agus gan ligean dóibh feidhmiú mar dhéagánaigh mura mbíonn siad gan locht.

11. Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí.

12. Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin.

13. Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ardchéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.

14. Cé go bhfuilim ag súil le teacht ar cuairt chugat sul i bhfad, táim á scríobh seo chugat

15. i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo - an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 3