Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 3:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.

4. Caithfidh sé bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó.

5. Mura bhfuil duine in ann a theaghlach féin a stiúradh, conas a dhéanfaidh sé Eaglais Dé a riaradh?

6. Caithfidh sé gan bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin.

7. Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.

8. Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu

9. ach iad ag caomhnadh rúndiamhair an chreidimh le coinsias glan.

10. Ní mór iad a thástáil ar dtús agus gan ligean dóibh feidhmiú mar dhéagánaigh mura mbíonn siad gan locht.

11. Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí.

12. Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Tiomóid 3