11. Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí.
12. Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin.
13. Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ardchéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.