1. Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé.
2. Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;
3. gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.
4. Caithfidh sé bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó.
5. Mura bhfuil duine in ann a theaghlach féin a stiúradh, conas a dhéanfaidh sé Eaglais Dé a riaradh?
6. Caithfidh sé gan bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin.
7. Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.