Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Tiomóid 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.

2. Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.

Seachain an Teagasc Bréige

3. Faoi mar a d'iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,

4. agus gan bheith tugtha d'fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.

5. Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.

6. Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a d'iompaigh ar an mbaothchaint;

7. is áil leo bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh.

8. Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as

9. agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d'éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,

10. do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin

11. atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.

Buíochas

12. Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,

13. cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.

14. Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa.

15. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,

16. agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i m'eiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí.

17. Moladh agus glóir do rí na n‑aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.

18. Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfeá an cath go cróga dá réir sin.

19. Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath.

20. Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt a thug mé suas do Shátan le súil go múinfí gan Dia a aithisiú.