23. Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.
24. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.
25. A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith.
26. Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa.
27. Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile.
28. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.