Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Teasalónaigh 4:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.

2. Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.

3. Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis,

4. go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim

5. agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;

6. gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n‑agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.

7. Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta.

8. Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.

9. Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile.

10. Sin é go díreach atá á dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne á iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós,

11. agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana.

12. Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith.

13. Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas.

14. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.

15. Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis:

16. mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Teasalónaigh 4