Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Teasalónaigh 2:8-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.

9. Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.

10. Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.

11. Mar is eol daoibh, bhíomar le gach duine agaibh mar bheadh athair lena pháistí,

12. do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina ríocht ghlórmhar féin.

13. Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.

14. Tá sibhse, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibhse ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siadsan ó na Giúdaigh,

15. ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,

16. mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.

17. Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire - as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí - nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís.

18. Bhí fonn orainn teacht chugaibh - ba mhian liomsa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile - ach choisc Sátan orainn é.

19. Tar éis an tsaoil, cén t‑ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse?

20. Sea, is sibhse, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Teasalónaigh 2