Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 5:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n‑ardódh sé sibh i dtráth.

7. Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.

8. Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.

9. Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.

10. Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

11. Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Amen.

12. Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.

13. Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.

14. Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 5