Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 5:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.

2. Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,

3. ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.

4. Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire.

5. Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”

6. Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n‑ardódh sé sibh i dtráth.

7. Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.

8. Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 5