Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 4:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibhse, an té a d'fhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca,

2. ionas nach mairfeadh sé an chuid eile dá shaol ar talamh de réir mianta an duine ach de réir thoil Dé.

3. Is leor an t‑am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach.

4. Cuireann sé iontas orthu nach ritheann sibh leo isteach sa tuile chéanna drabhláis agus bíonn siad do bhur maslú.

5. Ach tabharfaidh siad cuntas don té atá réidh le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

6. Uime sin is ea a fógraíodh an dea-scéal do na mairbh, ionas go dtabharfaí breith orthu sa cholainn mar dhaoine, ach go mairfidís sa spiorad de réir Dé.

7. Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 4