Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 3:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Na mná naofa fadó, iadsan a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear.

6. Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d'Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.

7. Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.

8. Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.

9. Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.

10. “An té ar mian leis an bheatha a shantúagus fad saoil faoi shéan a bheith aige,coinníodh sé a theanga ón olc,agus a bhéal ó bhriathra éithigh.

11. Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith;lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.

12. Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin,agus tugann sé cluas dá n‑impí.Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”

13. Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa?

14. Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 3