Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 3:19-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair,

20. iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.

21. An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.

22. Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 3