Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 3:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith;lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.

12. Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin,agus tugann sé cluas dá n‑impí.Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”

13. Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa?

14. Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu.

15. Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,

16. agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.

17. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?

18. Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad

19. agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair,

20. iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.

21. An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 3