Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 3:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban,

2. nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n‑iompar urramach geanmnaí.

3. Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram,

4. ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé.

5. Na mná naofa fadó, iadsan a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear.

6. Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d'Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.

7. Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 3