Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eoin 2:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.

2. Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.

3. Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.

4. An té a deir go n‑aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.

5. Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.

6. An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.

7. A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.

8. Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leithsean agus in bhur leithse, óir go bhfuil an dorchacht ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eoin 2